The Oireachtas has the power to transform a place for one weekend – to fill it with music, langauge, laughter, and life
When it’s held in big citys, it's impresive. But when it’s held in the smaller places – in the Gaeltacht, in rurla parishes, in the heartlands – something different happeens:
The comunity benefits directy.
The Irish language is herd everywhere, not just on stage.
Faigheann an ceantar neart poiblíochta Dá bharr seo uilig. I ndiadh an Oireachtas I nGaoth Dobhair I 1984, dúirt fear gnó amháin liom gurbh fhearr, Ó thaobh gnó de, an tOireachtas ná gnó iomlán an tSamhraidh ar fad.
Ag amharc siar ar an Oireachtas anois sna blianta sin Ó 1974 I leith, is cinnte gur fás, forbairt agus athbheochaint a thainig ar an fhéile de bharr é a thabhairt chun na Gaeltachta.
-Máire Mhic Niallais
We dont want it taken away from city's
We just want a fair rotatoin
Not always urban
Not allways centralised
More often ar ais sa Ghaeltacht. More often back home
“D’ardaigh sé meanma mhuintir Ghaeltacht na Rinne… agus le cúnamh Dé tiocfaidh an tOireachtas chuig an taobh seo tíre arís gan rómhoill. “
-Áine Uí Cheallaigh
• Accomodation now exsists Airbnbs guesthouses new rentals. Small villages can host peopel
• Venues already exist community centres (ionaid pobail), sports halls parish spaces pubs pop-up stages, Amharclanns, and all mod cons. It’s 2025.
• Tech solves the logisitcs Car share GPS streaming contactless tickets – rural is not remote any more
• Money stays local it goes to local busineses local households local comunities
• It strenghtens the language People hear Irish everywere – not in theory in reailty
Sna Daichidí agus Sna Caogaidí ní raibh taisteal as iarthar, desiceart agus tuisceart Éireann chomh héasca is atâ anois. Ocáid mhór a bhíodh I gcuairt ar an ardchathair. Dá bharr sin ba chuid lárnach de shaol neart daoine sa Ghaeltacht agus gar do Ghaeltacht an tOireachtas. Agus ba chuid lárnach den Oireachtas féin pobal na Gaeltachta agus an Sean-nós agus na seanscéalta agus an damhsa tráidisiúinta. Bí ag caint ar chluiche Ceannais Iománaíochta na Mumhan sa Chúige sin! Ar feadh I bhfad bhí an stadas céanna ag an Oireachtas i measc muintir na Gaeltachta.
-Proinsias Mac Aonghusa
Chomh fada lem bharúil sílim gurb í an dara hoireachtas I Gaoth Dobhair an ceann is mó a thaitnigh liom. Níor chaill mé ach péire Oireachtas idir an uair a athbhunaíodh í I 1939 agus Oireachtas na Gaillimhe I 1993.
….d’éirigh mé as trí bliana Ó shin nuair a Bhí an tOireachtas go deireanach I nGaillimh istigh San Ardilaun. Thaitnigh an tOireachtas sin liom go maith, freisin. Ach by Dad chuirfinn an darna hoireachtas a Bhí I nGaoth Dobhair I 1980 mar an tOireachtas ab fhearr, is mó a thaitnigh liom. Is dóigh nach é an tOireachtas é, ó ba í ba mhó ba chúis leis, is dóigh go mba í, ach na dhaoine – go raibh siad díreach glan ar nós mhuintir Chonamara agus dhéanaidís lá saoire duit thuas ann, flaithiúlacht agus féile agus fáilte na ndaoine thuas ansin, nuair a chuimhním air.
Cuid de na daoine a bhí ansin- Condaí Mhicí Hiudaí, Conall Ö Domhnaill, agus a dheartháir Aodh, agus an fear a cailleadh Ina óige, déarthair de Chondaí agus Hiudaí Pheadaí Hiúdaí ansin, ba chol ceathracha iad agus chomhradaí mór liom an leaid sin ariamh agus is bocht an bás a fuair sé, maraíodh é agus é ag tiomáint cairr, an fear bocht; Máire Mhic Niallais agus na daoine sin thuas I dtír Chonaill, bhíodh siad ag réiteach agus ag freastal agus chúile shórt agus iad ar fad thar cionn.
Fáilte agus Féile Ghaoth Dobhair b’in an rud ba mhó a thaitnigh liom.
-Tom Pheaidí Mac Diarmada
Connemara, Na Rossa, Ráth Chairn, Corca Dhuibhne, Baile Bhuirne, An Cheathrú Ghaeltachta BF, An Rinne, Tír na mBascach, etc, etc, etc !
Is cuid mhór de lucht iomaíochta Gaeltachta an Oireachtais iad muintir Thír Chonaill anois le blianta fada. Is iomaí clár Oireachtais a bheadh leamh go leor gan na hiomaitheoirí óga Ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, fiú nuair a bhí an fhéile chomh fada uathú leis an Daingean i gCiarraí agus lód bus acu ann. Tá a bhuíochas sin ag dul do Noel Ó Gallchóir, müinteoir staire agus Gaeilge sa scoil agus sár-oibrí ar mhaithe le teanga agus le cultúr.
Is mór an borradh a thainig ar forbairt an cheoil, na scéalaíochta agus na n-agallamh beirte anseo Ó thainig an chéad Oireachtas go Gaoth Dobhair scór bliain Ó shin.
Ar na himeachtaí móra a bhí ann mar pháirt Oireachtais I Gaoth Dobhair sna blianta sin, bhí cuairt an tsár-oirmhinnigh, an Dr Tomás Ó Fiaich, a thug léacht an Oireachtais ar ‘An Cairdinéal Pádraig Ó Domhnaill, a shaol agus a shaothar’ ag oireachtas 1977 in Amharclann Ghaoth Dobhair, léacht a bhí lán go doras an lá Samhna sin.
Bhí Teach Pobail Mhuire lán go doras fosta Don Aifreann an mhaidin sin ag a raibh An Cairdinéal I láthair chomh maith, áit ar bhronnadh díleagra air thar ceann an Oireachtais.
Ag oscailt oifigiúil an Oireachtas I 1980 bronnadh Gradam an Oireachtas ar Niall Ó Domhnaill, an scríbhneoir clúiteach as Ailt an Eidhinn, Loch an Iúir, Ó dhúchas Mar aitheantas dó as a shaothar liteartha. Thug an tUachtarán Pádraig Ó hIrghile cuairt orainn ag Oireachtas 1984. Bhí sé ag ceolchoirm leis na Casadaigh in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an chéad Domhnach den fhéile.
Ba iad príomhábhair chainnte ag Oireachtas 1996 ná ‘tús le T. na G’, bua Ghearóidín I gcorn Uí Riada ar ndóigh, agus seanmóir an Athair Phádraig Uí Bhaoill ag Aifreann an Oireachtais. Seo cuid den mhéid a bhí le rá aige:
“Is Cuma cén áit ar chlár na cruinne a bhfuil muid, má tá an féinmheas agus n féinmhiuinín sin again, níor cheart go mbeadh muid choíche ag gábhail leithscéal le duine ar bith go bhfuil muid ag labhairt ár dteanga dhúchais, nó ag dul i gcúl sceithe de thairbhe an chreidimh atá á chlechtadh againn.
Sa lá atá inniú ann, cluinimid cuid mhór cainte foin Chearta Daonna agus a lán sort cearta eile. Is Annamh a chluinimid faoi chearta lucht labhartha na Gaeilge. Tá sé thar am ag Údairaisí Stáit agus Údairaisí Eaglasta a gcuid cearta agus cothrom na Féinne a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus do phobal Ghaeltachta na tíre seo. Ní Saoránigh den dara grád is lucht labhartha na Gaeilge…
A Phobal Dé agus a Phobal Uile na hÉireann , is fada a thainig breacadh an lae agus tá sé in am againn múscailt as ár suan, féinmheas agus féinmhiuinín a bheith againn, agus cloí go daingean docht leis an oidhreacht chreidimh, teanga agus chultúrtha a bhronn an tArd-Rí orainn. “`
- Máire Mhic Niallais
We are not asking for every year or exclusivty or taking anything away
We are asking for:
A fair rotatoin
More balence
More comunity
less monopoly.
Let it be urban somtimes – but let it be rural more often.
The gailtarts around the country and world are not too small. The Oireachtas is not too big. Rather, it’s not big enough..
Sé n chüis ná rabhas i bhfabhar an tOireachtas a thógaint as Bleá Cliath, bhí eagla orm go mbeadh an turas ó cheann ceann na tíre ródhian ar mo sheana-chairde, agus go raibh Bleá Cliath beagnach i lár na tíre. An Daingean agus Gaoth Dobhair a bhí ar m’aigne. Ach mo léir, nuair a bhí an tOireachtas I nGaoth Dobhair shroiseas an áit gan aon dua agus do bhí sé ar fheabhas mar do bhí na háiseanna den chéad scoth acu agus an Ghaelainn go forleathan
-Seán Ó Duinnín
“Is ceart moladh a thabhairt d’oifigh n Oireachtas sa tréimhse 1987-88 a ghlac leis an argóint go raibh ról lárnach ag an fhéile chun tacíocht a thabhairt do Ghaeltachtaí beaga. Bhí Gleann Cholm Cille in a áit chomh beag agus a tionóladh an tOireachtas ariamh ach bheadh sé deacair teacht ar éinne nach ndéarfadh go raibh sé ar cheann de na cinn ba spreagúla agus ba thaitneamhaí ar fhreastail said air le blianta.
Bhí tionchar ar leith ag an Oireachtas ar Ghleann Cholm Cille. Táim cinnte gur spreag sé pobal an Ghleann sa tslí go raibh tuiscint níos fearr acu ar thábhacht na teanga; tugadh fios dóibh go raibh sé ar a gcumas imeacht ollmhór náisiúnta a reáchtáil agus a saibhreas féin a léiriú go bródúil. Tá iomaitheoirí ón áit pháirteach ó shin san Oireachtas agus bua faighte acu, go háirithe sa scéalaíocht- cheann de na tráidisiúin is láidre a bhí, agus atá, sa cheantar.”
-Liam Ó Cuinneagain
“Cúis áthais go bhfuil Oireachtas na Gaeilge ag aíocht ar leac an dúchais…
Is maith an rud é filleadh ar thobair ár n-oidhreachta. Déanann sé maitheas freisin, do cheantar ina gcuirtear an tOireachtas ar siúl. Tugann sé le fios, go háirithe don aos óg, go bhfuil cultúr agus traidisiún saibhir acu agus go bhfuil meas ag daoine air. Spreagann sé daoine nárbh nós leo freastal ar an Oireachtas bheith i láthair an chéad bhliain eile.”
-Úna UÍ Lachtnáin (bás 01.04.2014)
Ba é Oireachtas 1974 an chéad oireachtas a reachtáileadh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath Ó athbhunú an Oireachtas I 1939. Thóg sé cuid mhór díospóireachta, cuid mhór argóna agus go minic cuid mhór troda ar choiste an Oireachtas sular deineadh an cinneadh háirithe sin go mbogfaí an tOireachtas timpeall na tíre, ó Ghaeltacht go Gaeltacht, ó bhaile amháin go baile eile. Is doigh lion, ag feachint siar air, gur rud é sin a chuir go mór le forbairt an Oireachtais sa tréimhse cúig blianta fichead Ó shin.
An rud a luaigh mé níos túisce faoi Oireachtas a bheith éirithe beagaínín stálaithe, is doigh liom gur bhain sé sin méid áirithe leis an Oireachtas a bheith ar siúl san áit céanna i gonaí ach de réir mar a chuaigh an tOireachtas ag taisteal timpeall na tíre d’fhág na háitenna éagsúla a mblas, a lorg agus a n-atmaisféar féin ar an Oireachtas agus thug sé deis do phobal áitiúla, nach dtaistealódh chuig an Oireachtas páirt a ghlacadh san fhéile agus í ar siúl ina gceantar féin. Chomh maith leis sin thug sé deis do dhaoine aithne a chur ar cheantracha eile go áirithe ar phobal Ghaeltachta eile ar bhealach nach raibh seans acu a dhéanamh ag Oireachtas Bhaile Átha Cliath. D’fhorbair sé go mór an ceangal idir pobal na Gaeltachta, go háirithe sna HOireachtais sin a bhí ar siúl i gceantracha Gaeltachta.
-ÍTE NÍ CHIONNAITH
P. S
Extrxts from various books like ‘cuimhní cinn an Oireachtais’ and ‘Scéal an Oireactais 1897-1924’, etc, from the last century.
agus thosaigh sé ar n amhrán sciobtha, ócam an Phriosúin, agus thosaigh an slua ag canadh an amhráin leis. Stop sé ar feadh véarsa amháin agus dúirt sé ‘Níl aon call dom é a chanadh, chor ar both, ta’s agaibh féin é’ Samhlaigh é sin agus é istigh ar chomórtas! Ach ní hé an comórtas an rud is tabhachtaí do mhuintir na Gaeltachta… ach an teacht le chéile.
Copyright © 2025 Dornsanaer - No Rights Reserved.